An Pobal agus na Réabhlóidithe (1916–1923)

Amharc Lánscáileáin

Ba léir go raibh dearcthaí difriúla faoin náisiúnachas ag aicmí éagsúla na tíre sa tréimhse tar éis Éirí Amach na Cásca. Cheap Sighle Humphreys, an réabhlóidí poblachtánach i mBaile Átha Cliath, go raibh na bochtáin ar a taobh ach nach raibh sé seo amhlaidh fúthu siúd a raibh maoin acu. Dar léi, bhí tacaíocht an-teoranta don phoblachtachas agus don náisiúnachas radacach i measc na ndaoine a bhí go maith as. Deir sí nach raibh ach clann amháin eile le smaointe radacacha sa mheánscoil air a raibh sí ag freastal i mBaile Átha Cliath. Is óna haintín agus ón Éirí Amach agus an toradh a bhí air a fuair Sighle Humphries a claonadh polaitíochta. Chuaigh polaitíocht a huncail féin i bhfeidhm ar Neans Uí Shuibhne, as Cill na Martra, Co. Chorcaí, freisin. Cé go raibh deighiltí aicmeacha faoin réabhlóid le feiceáil i mBaile Átha Cliath, bhí go leor tacaíochta ag na hÓglaigh in iarthar agus in iardheisceart na tíre. I nDún Geagáin, i gCiarraí , bhí go leor de mhuintir na háite sna hÓglaigh. In ainneoin na tacaíochta seo, ba léir go raibh rúndacht an-tábhachtach do na hÓglaigh. Dar le Matt Hackett, i gceantar an Chaisleáin Ghearr, Gaillimh, ní raibh daoine ag tabhairt eolais in aghaidh na nÓglach i rith Chogadh na Saoirse ach bhí tar éis Éirí Amach na Cásca. 'Bhíodh brathadóirí ag gabháil thart', a dúirt Seán Ó Conghaola as Indreabhán, Co. na Gaillimhe. 'Thagadh corrdhuine abhaile as an Arm...b'fhéidir nach raibh aon dochar iontu ach bhí faitíos roimh a leithéidí sin freisin. Chaithfeá i gcónaí a bheith an-rúnda', a deir sé.

Baisteadh Creavan air Phádraig Ó Cualáin (as Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe) mar ainm cleite ionas nach mbeadh a fhios ag na húdaráis cé faoi a bhí na hÓglaigh ag caint. Is cosúil go raibh an nós seo forleathan i measc na nÓglach ag an am. Bhí roinnt ainmneacha cleite eile in úsáid ag Óglaigh eile, agus luaitear Carlow (Coistealbha), Val (Malone a bhí air) agus Dan san agallamh. Bhídís ag traenáil agus ag druileáil le maidí adhmaid seachas le gunnaí. Ní in éadan na Sasanach a bhídís, dar le Pádraig, ach ag “déanamh réiteach” idir muintir na háite den chuid is mó, agus ag feidhmiú mar fhórsa póilíneachta in áit an RIC.

Bhí gréasán ag teastáil le tacú leis na hÓglaigh agus iad i mbun gnímh. Rinne Peig Bean Uí Riagáin cur síos ar a cuid oibre i gCumann na mBan i gceantar na Rinne i bPort Láirge. Ní raibh inti ach cailín trí bliana déag ag an am. Bhí baint ag Cumann na mBan le rudaí difriúla: bailiú airgid, aire a thabhairt d'fhir a bhí ar a dteitheadh, agus teachtaireachtaí a thabhairt do dhaoine. Obair chontúirteach a bhí inti, ag taisteal timpeall san oíche gan solas, agus ba bheag nár maraíodh í uair amháin nuair a d'imigh sí thar aill sa dorchadas. Shábháil duine de na hÓglaigh í.