An Cogadh Cathartha (1922–1923)

Amharc Lánscáileáin

Dar le Neans Uí Shuibhne, ní raibh Oireachtas na Gaeilge riamh chomh maith leis an gceann a bhí i mBaile Átha Cliath i 1921, nuair a bhí an sos cogaidh ar bun, agus sular tháinig an scoilt. Bhí céilí i gCearnóg Parnell, agus tháinig daoine as Meiriceá agus an Astráil chun ceiliúradh a dhéanamh. Cuimhníonn sí go raibh sí ag damhsa le Mícheál Ó Coileáin lena taobh agus Éamon de Valera os a comhair. Ach níor mhair an tsíocháin i bhfad.

'Níl aon ní chomh holc le Cogadh na gCarad', a dúirt Sighle Humphreys faoin gCogadh Cathartha in agallamh le Helen Ní Shé. Thóg Humphreys taobh na bpoblachtánach tar éis an Chonartha. Bhí sí gníomhach i gCumann na mBan nuair a thosaigh an choimhlint, agus ní raibh ach fíorbheagán de ghníomhairí Chumann na mBan ar son an Chonartha ag an am. Bhí a fhios ag Fórsaí an tSaorstáit go raibh seomra rúnda i dteach Humphreys ar Bhóthar Ailesbury le linn an chogaidh. Labhraíonn sí faoin lá a rinne na saighdiúirí ruathar ar an teach ag lorg Ernie O’Malley, a bhí ag fanacht ann. Caitheadh aintín Humphreys trí thimpiste sa ruathar agus mharaigh O'Malley saighdiúir agus é ag iarraidh éalú. Bhí trua ag Humphreys don saighdiúir Albanach a maraíodh, agus d’iarr sí Aifreann ar a shon.

Chaith Séamas Ó Rabhartaigh, as Dún na nGall, tréimhse sa phríosún le linn an Chogaidh Chathartha. Dar leis, in agallamh le Pól Ó Gallchóir, caitheadh go dona le príosúnaigh ag an am. Cuireadh é féin agus a chuid comrádaithe isteach i seomra gan fuinneoga sa phríosún i nDroim Bó, agus ní bhfuair siad ach arán agus uisce le hithe agus le hól. Bhí sé i nDroim Bó nuair a cuireadh ceathrar poblachtánach chun báis. Tháinig duine acu, Charlie Daly, chuig a chillín le lámh a chroitheadh leis na fir a bhí sa chillín sula gcaithfí é. D'iarr duine air Daly an raibh sé ag dul abhaile. D'fhreagair sé go raibh.

Dar le Ó Rabhartaigh, bhí príosún Bhun Cranncha níos fearr. 'Ó bhíodar iontach deas', a dúirt sé faoi na saighdiúirí a bhí lonnaithe ann. Cuireadh ina dhiaidh sin é go príosún an Churraigh. Chuaigh sé ar stailc ocrais ansin ar feadh 16 lá. Deir sé gur rinneadh iarracht éalú ón bpríosún trí thollán, ach chaith siad ró-fhada leis agus chonaic na saighdiúirí faire ar maidin é. Ba é Peadar O'Donnell a bhí i gceannas ar an tollán. Deir Matt Hackett, as Tír Oileáin i nGaillimh, go gcaithfeadh saighdiúirí a bhí san IRA roimhe sin níos fearr leis na príosúnaigh ná daoine a bhí in Arm na Breataine roimhe sin.

Labhraíonn Neans Uí Shúilleabháin, ón nGleann i gCiarraí Theas ó dhúchas, le Máire Ní Chéilleachair. Bhí a hathair, Pádraig Ó Loinsigh, sna hÓglaigh, agus chuaigh sé le taobh de Valera nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha. Bhí saighdiúirí an tSaorstáit sa tóir air, agus cé gur éalaigh sé uathu uair amháin nuair a tháinig siad chuig an teach i Maoroisc i 1922, níor éirigh leis éalú uathu an dara huair. Scaoil siad leis sa teach an oíche sin agus maraíodh é. D’iarr máthair Neans ar na saighdiúirí fios a chur ar an sagart. Thosaigh siad go léir ag magadh fúithi – ‘A priest for a dead man?’ a dúirt siad – seachas saighdiúir amháin, a thosaigh ag caoineadh. Tá cuntas faoin eachtra sa leabhar Tragedies of Kerry a scríobh Dorothy Macardle. Déantar trácht sa leabhar ar Neans, a bhí bliain d’aois, ag iarraidh a hathair a dhúiseacht, agus a chuid fola ag sileadh ar an urlár.

Blianta ina dhiaidh sin bhí deartháir céile le máthair Neans in ospidéal Chathair Saidhbhín. Nuair a thug sí cuairt air, bhreathnaigh sí ar an bhfear sa leaba in aice leis, agus d’aithin sí gur duine de na fir a mharaigh a fear céile a bhí ann. Bhí ionadh ar na daoine sa seomra nuair a labhair sí leis. Bhí aithne ag a máthair orthu siúd a mharaigh a fear céile, agus bhí Neans í féin mór le clann na bhfear sin. Dar léi, ní ar ghasúir na bhfear a bhí milleán. Ach dúirt sí lena clann féin gan aon bhaint a bheith acu leis an bpolaitíocht.

Bhí Sighle Humphreys ar dhuine de na mná a chuaigh ar stailc ocrais ar feadh 31 lá ag deireadh an Chogaidh Chathartha. Bhí easaontas i measc na mban faoin stailc ocrais. Mhothaigh cuid acu go mbeadh níos mó drogaill ar cheannairí an tSaorstáit ligean do mhná bás a fháil ná fir, ach mhothaigh mná eile nach raibh siad ach ag déanamh aithrise ar na fir a bhí ar stailc ocrais freisin. Bhí aithne ag Humphreys ar Éamon de Valera agus ar Mhícheál Ó Coileáin mar bhíodh siad ag cruinnithe ina teach. Cheap sí gur eachtra chinniúnach sa Chogadh Cathartha a bhí i marú Uí Choileáin. Bhí sí den tuairim go bhféadfaí deireadh a chur leis an troid ní ba luaithe dá mbeadh sé beo.