Is minic nach mbíonn seanfhondúirí a mhair sna blianta 1913-1923 ag iarraidh mórán cainte a dhéanamh faoin méid a chonaic siad agus na rudaí a rinne siad le linn na cogaíochta. De réir mar a chuaigh na blianta ar aghaidh, nocht na seanfhondúirí roinnt de na rúin a bhí acu. Tá cuid den eolas seo sna míreanna fuaime ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ar an suíomh seo. Tugann na míreanna léargas dúinn ar a ndearcadh siúd a chonaic, a ghlac páirt, a chuala faoi, agus a rinne staidéar ar na heachtraí stairiúla sin sa tréimhse díreach roimh agus i ndiaidh bhunú an Stáit.

Cuireadh le chéile ocht dtaispeántas dírithe ar mhórthéamaí na tréimhse 1913-1923, ag úsáid an eolais atá i míreanna fuaime an bhailiúcháin seo. Dírítear, sna taispeántais seo, ar an bhfianaise uathu siúd a chonaic nó a ghlac páirt in eachtraí stairiúla na tréimhse. Déantar é seo mar gur bunfhoinsí staire iad seo, agus nach ábhar é seo a bhfuil eolas coiteann air. In áiteanna sna taispeántais, déantar tagairtí do mhíreanna fuaime ina bhfuil staraithe ag caint, chomh maith le daoine a d'fhoghlaim faoin stair óna gcuid gaolta siúd a bhí ann. Déantar seo chun níos mó comhthéacs a thabhairt don úsáideoir.

I ngach taispeántas, tá naisc sa téacs aibhsithe chuig na míreanna fuaime as ar tógadh an t-eolas. Déanann an téacs aibhsithe seo tagairt do cheantar tíreolaíoch atá ábhartha don mhír. Osclaíonn an nasc seo an mhír fuaime san áit chuí ar an mapa.

An Ghaeilge sa Phobal (1913–1921)

An Cogadh Mór (1914–1918)

Éirí Amach na Cásca (1916)

Éire in Aimsir na Réabhlóide (1917–1919)

An Pobal agus na Réabhlóidithe (1916–1923)

Cogadh na Saoirse (1919–1921)

An Cogadh Cathartha (1922–1923)

An Saol ina Dhiaidh (1923-)