Comhad

Agallamh le Beartla Ó Flatharta (13/02/1988)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Beartla Ó Flatharta (13/02/1988)

Ábhar

Na hÓglaigh
Cogadh na Saoirse
Príosúin
Na Dúchrónaigh

Cur Síos

San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar labhraíonn Beartla Choilimín Nuala Ó Flatharta as Cuileán, an Cheathrú Rua le Seán Ó Conghaile. Chuaigh an Flathartach leis na hÓglaigh nuair a bhí sé óg, agus ina dhiaidh sin le Sinn Féin agus leis an IRA. Dar leis, is ag iarraidh an dlí a thógáil as lámha na ‘bpóilíos’ a bhí siad. Labhraíonn sé faoi eachtra ar leith a tharla dó féin in aice le Loch Leacrach ar an gCeathrú Rua. Cuireadh i bpríosún i nGaillimh é ina dhiaidh sin. Labhraíonn sé faoi na coinníollacha sa phríosún (bhí 300 príosúnach ann, agus cúigear i ngach cillín), agus faoi theacht na nDúchrónach (‘…lena gcuid Crossley Tenders…agus rifles píleáilte ar an tsráid ar nós cocaí féir…’). Chaith sé seacht mí i nGaillimh. Tugadh go Príosún Mhuinseo ansin é ar feadh míosa, agus as sin go Wormwood Scrubs i Sasana ar feadh seachtaine, agus as sin go Wandsworth. Scaoileadh saor as bpríosún Wandsworth é ar an 25 Iúil 1921 mar chuid den Chonradh. Labhraíonn a bhean freisin, Maggie Uí Fhlatharta, as an nGleann Mór.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Conghaile, Seán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

13-02-1988

Cuiditheoir

Ó Flatharta, Beartla (Choilimín Nuala)

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

16433

Fad

00:31

Clúdach Ama

21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse

Láithreoir

Ó Conghaile, Seán

Tagairt

Ó Conghaile, Seán, Agallamh le Beartla Ó Flatharta (13/02/1988), 13-02-1988

Luaigh Mar

Ó Conghaile, Seán, “Agallamh le Beartla Ó Flatharta (13/02/1988),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 20 Aibreán 2024, http://reabhloid.ie/items/show/9.