Comhad

Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980)

Ábhar

Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh

Cur Síos

Sa mhír ghearr fuaime seo as an tsraith chlár Blianta faoi Bhláth, tá Pádraig Pheter Ó Cualáin as Cor na Rón, Indreabhán, ag labhairt le Máirtín Davy Ó Coistealbha faoi eachtra a tharla dá athair le linn Chogadh na Saoirse. Bhí a athair i ndiaidh na mbeithíoch sa gharraí agus nuair a tháinig sé abhaile, bhain sé de a chuid bróg agus bhí siad lán le fuil. Is cosúil gur tháinig leoraí lán le Dúchrónaigh air i lár an gharraí. Dúirt siad i mBéarla ‘Hands up’, agus chaitheadar é le gránghunna. Nuair a tháinig sé abhaile, dúirt a mháthair lena athair an teach a fhágáil, agus dul síos ag an gcladach, ach ní scaoilfeadh Pádraig, a bhí ina ghasúr óg ag an am, leis. Thosaigh Pádraig ag screadach agus ag caoineadh, níor lig sé cead dá athair imeacht, agus d’fhan sé in éineacht leis sa teach. B’in an chuimhne is faide siar a bhí ag Pádraig Ó Cualáin.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Coisdealbha, Máirtín Davy

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

09-02-1980

Cuiditheoir

Ó Cualáin, Pádraig (Pheter)

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

19415

Fad

00:30

Clúdach Ama

21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse

Láithreoir

Ó Coisdealbha, Máirtín Davy

Tagairt

Ó Coisdealbha, Máirtín Davy, Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980), 09-02-1980

Luaigh Mar

Ó Coisdealbha, Máirtín Davy, “Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980),” Glórtha na Réabhlóide ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, accessed 29 Márta 2024, http://reabhloid.ie/items/show/16.