Tomás Ó Máille

San eagrán seo den tsraith chlár Blianta Faoi Bhláth cuireann Seán Ó Conghaile agallamh ar Thomás Ó Máille as Co. na Gaillimhe. Bhí sé sna hÓglaigh le linn aimsir na Trioblóide (ní raibh meas ag aon duine ort, agus ní labhróidís leat, mura raibh tú le Sinn Féin, dar leis). Mar óglach, bhíodh sé ag máirseáil le gunna maide sna garrantaí i ngan fhios do na Dúchrónaigh. Faoin am ar liostáil sé san Arm (07 Bealtaine, 1922), bhí cleachtadh maith aige ar a bheith ag druileáil. Nuair a tháinig an scoilt chuaigh sé leis an gCoileánach. Luaigh sé go raibh deartháir aige féin, agus nach labhraídís lena chéile sa leaba mar go raibh duine amháin le de Valera agus an duine eile le Mícheál Ó Coileáin. Déanann sé cur síos ar an am a chaith sé in Arm an tSaorstáit, nó gur fhág sé i 1924. I measc na gceannairí a bhí aige sna hÓglaigh, bhí Mícheál Ó Droighneáin, Éamonn Breathnach agus Beairtle Dillon. Ba é Pádraig Bhaba Bhán (Folan) as Bothúna a bhí mar chaptaen aige nuair a liostáil sé i 1922.

Tomás Ó Máille