Home > Faoin Tionscadal > Cartlann an Raidió

Cartlann an Raidió

29427491270_be0a699a93_b.jpg

Thosaigh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh i 1972 agus stóráladh an t-ábhar craolta i gcartlann ar théipeanna ¼ orlach (reel-to-reel). Tosaíodh ar thionscnamh idir Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Clár Fostaíochta Pobail de chuid FÁS, i gcomhair le hÚdarás na Gaeltachta, i Samhain na bliana 1999 inar déanadh digitiú ar stór luachmhar fuaime na cartlainne.

Aistríodh an fhuaim ó na téipeanna ¼ orlach agus DAT go chomhaid dhigiteacha ar dlúthdhioscaí CD. Bhí os cionn 22,000 uair an chloig d'fhuaim le digitiú agus le haistriú go dlúthdhioscaí. Is cláir iad seo a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1972 go dtí 1997, tráth ar thosaigh an Raidió ag aistriú a gcláir laethúla go dlúthdhioscaí. Is idir leathuair agus uair go leith a bhí fad na gclár agus nuair a bhí 5 uair an chloig de chláir aistrithe dódh iad ar dhlúthdhiosca. Cruthaíodh bunachar sonraí na gclár, ina raibh faisnéis faoi na cláir stóráilte. Áiríodh san fhaisnéis seo sonraí faoi na cláir féin (dáta craolta, léiritheoir, láithreoir, aíonna, agus ábhar na gclár ina measc) agus sonraí rochtana (uimhir dhlúthdhiosca agus uimhir thraic). Le déanaí aistríodh na comhaid fuaime chuig freastalaithe de chuid na hOllscoile.

Bhí Bríd Nic Dhonncha ón Acadamh ag riar an tionscadail agus bhí Neansaí Ní Choisdealbha, teicneoir ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ag maoirsiú an obair theicniúil. Bhíodh tuairim is 20 rannpháirtí ó scéim oiliúna de chuid FÁS ag obair ar an tionscadal gach bliain. Bhídís ag éisteacht leis na míreanna fuaime agus ag comhlánú an bhunachair sonraí. Is in Ionad an Acadaimh, an Cheathrú Rua a rinneadh an obair.Tá Máirín Uí Chonghaile, as Doirefhearta Beag, An Cheathrú Rua, i mbun oibre ar an gcartlann san íomhá thuas.

I measc na ndaoine a chabhraigh leis an bpróiseas seo bhí:

 Anna Uí Fhlatharta Doirefhearta Beag, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Eileen Uí Fhatharta Inbhear Beag, Ros Muc Co. na Gaillimhe
Seona Ní Dhomhnaill An Fhaithre, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Bridie Mhic Liam Doirefhearta Beag, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Máire Ní Dhonnchú Doire Né, Casla Co. na Gaillimhe
Máire Uí Chonaile Bóthar Loch an Iorla, Na Doireadha Co. na Gaillimhe
Ann Marie Uí Ghríofa An Bóthar Buí, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Sarah Ann Nic Dhonncha   Co. na Gaillimhe
Breandaá Ó Madáin    
Máire Breathnach Cinn Mhara, Camas Co. na Gaillimhe
Mary & Bridie  Seoighe 6 Teach Mór, Leitir Mealláin Co. na Gaillimhe
Mairéad Ní Dhubháin An Tismeán, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Penelope Uí Churraoin An Trá Bháin, Leitir Móir Co. na Gaillimhe
Nóra Uí Fhlatharta Doirefhearta Beag, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Babs Ní Fhlatharta   Co. na Gaillimhe
Bríd Uí Chualáin Radhrac Árann, Ros an Mhíl Co. na Gaillimhe
Agnes Uí Loideáin An Droim, Leitir Móir Co. na Gaillimhe
Mairéad Ní Loideáin An Rinn, An Cheathrú Rua,  Co. na Gaillimhe
Caitlín Uí Dhomhnaill Bóthar A Chillín, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Mairín Uí Chonghaile (Pádraic) Doirefhearta Beag, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Brighid Uí Fhátharta Ard Na Gréine, An Spidéal Co. na Gaillimhe
Bríd Uí Chonghaile An Tuairín, Béal a Daingin Co. na Gaillimhe
Bríd Eilís Ní Fhlatharta Cuilléán, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Sally Ann Nic Dhonncha   Co. na Gaillimhe
Sorcha Uí Chonghaile Na Doireadha, Co. na Gaillimhe
Sally Ní Choisdealbha   Co. na Gaillimhe
Mairín Uí Thuairisg An Lochán Beag, Indreabhán Co. na Gaillimhe
Liam Ó Conghaile An Bóthar Buí, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Mary Uí Fhlatharta Cladhnach, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Mairéad Uí Shúilleabháin Béal a Daingean Co. na Gaillimhe
Mairín Uí Mhaoileoin Baile an tSléibhe, Ros an Mhíl Co. na Gaillimhe
Eileen Peircín   Co. na Gaillimhe
Nóirín Uí Fhlatharta An Lochán Beag, Indreabhán Co. na Gaillimhe
Eithne Ní Dhomhnaill An Caorán Beag, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Cáit Ní Dhomhnaill An Caorán Beag, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Bernie Uí Dhomhnaill An Caorán Beag, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Máire Uí Fhlatharta Doirefhearta Beag, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Siobhán Uí Choinceanainn Na Forbacha Co. na Gaillimhe
Máire Treasa Mhic Dhonncha Barr Ruisín, Ros an Mhíl Co. na Gaillimhe
Mairéad Breathnach Ros a Mhíl Co. na Gaillimhe
Nóírín Uí Chonghaile Na Doireadha Co. na Gaillimhe
Máirín Ní Chualáin R.I.P Cladhnach, An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe
Philomona Ní Fhlatharta   Co. na Gaillimhe